Íosluchtú/Download
Rinneadh gach aon leagan de GaelSpell a fheiceann tú thíos as an mbunachar sonraí céanna, foclóir leictreonach den chéad scoth.Windows, Mac, nó Linux
Chun an litreoir a chur i bhfeidhm le Mozilla Firefox nó Mozilla Thunderbird, íosluchtaigh ó addons.mozilla.org é.
Más mian leat an litreoir a úsáid le hOpenOffice.org, tabhair cuairt ar cheann de na suímh seo a leanas, ag brath ar leagan OpenOffice.org atá agat:
Windows
Más mian leat cáipéisí i gcruth Microsoft Word a cheartú, féach ar an suíomh trádalach GaelSpell le Cruinneog.
Mac
Tá leagan nua do Mac OS X 10.6 darb ainm MacLitriú ar fáil anois, ó snasta.com. Oibríonn sé le Safari, iWork, TextEdit, iChat, srl.
Unix/Linux/BSD
Tá na pacáistí seo ar fáil mar chuid de:
- Gentoo (ispell, aspell)
- NetBSD (ispell, aspell)
- Debian (ispell, aspell, myspell)
- Mandrake (ispell, aspell, myspell)
- PLD Linux (aspell)
- SuSE (aspell)
- Vim 7.0, i bhformáid speisialta, mar ga.latin1.spl)
- Mozilla Suite ( myspell)
- Zoularis ( ispell)
- CSW ag blastwave.org ( aspell)
Pacáistí foinse:
- Íosluchtaigh ispell-gaeilge-4.6.tar.gz
- Íosluchtaigh aspell5-ga-4.6-0.tar.bz2
Suiteáil ispell
I dtosach báire, íosluchtaigh agus tiomsaigh ispell, mura bhfuil sé agat cheana. Toisc gur úsáid mé an caighdeán códála ISO-8859-1 sa liosta focal agus sa chomhad foirceann, ní foláir duit do leagan de ispell a thiomsú gan an brat NO8BIT. Is féidir an brat seo a fhiosrú leis an ordú a leanas:
% ispell -vv
Anois, faigh tar-chomhad comhdhlúite (nasc thuas), agus bain amach na comhaid:
% gunzip ispell-gaeilge-4.6.tar.gz % tar xvf ispell-gaeilge-4.6.tar % cd ispell-gaeilge-4.6
Tá Makefile pacáilte leis an tar-chomhad. Athraigh an athróg ISPELLDIR (gar do bharr an Makefile) go dtí ainm na comhadlainne ina gcoinníonn tú hais-táblaí ispell (mar shampla, english.hash). Ansin, úsáid:
% make % make install
Anois nuair a thosaíonn tú ispell, úsáid an brat "-d" do cháipéisí as Gaeilge:
% ispell -dgaeilge foo.txt
é sin nó athraigh an athróg timpeallachta DICTIONARY más mian leat go mbeadh gaeilge.hash mar fhoclóir caighdeánach agat.
Ceadaíonn an brat "-p" duit foclóir pearsanta eile a roghnú. Is féidir leat foclóir pearsanta a chruthú as na chomhaid biobla, daoine, gall giorr, logainm, miotas, agus stair atá dáilte le ispell-gaeilge. Úsáid:
% make personal
Ba é an Foclóir Gaeilge-Béarla (Niall Ó Dónaill, eag.) mo phríomhfhoinse, agus dá bharr sin, réitíonn na litrithe leis an Chaighdeán Oifigiúil go hiondúil. Ar an láimh eile, soláthraíonn ispell-gaeilge beagán tacaíochta canúnach ón leagan 1.0 anuas. Chun an leagan canúnach seo a shuiteáil, athraigh an athróg INSTALLATION (gar do bharr an Makefile) ó gaeilge go dtí gaeilgemor, agus ansin úsáid:
% make % make install % ispell -dgaeilgemor foo.txt
Glacann an leagan canúnach le gach aon focal a ghlacann an leagan caighdeánach, agus:
- comhfhocail mar "mórbhóthar" nó "cuilpháipéar", agus focail le réimíreanna mar "drochbhóthar" nó "bhfrithréabhlóid" (ach, faraor, le "cuilbhóthar","mórpháipéar","drochdroch" fosta - is féidir leat an fheidhm seo a stopadh leis an mbrat "ispell -B"). Tugann an leagan caighdeánach leideanna do na focail seo.
- iarmhíreanna briathartha neamhchaighdeánacha (-fad, -fead, -fair, -fir, -as, -íos)
- focail neamhchaighdeánacha eile ("aimhreas"="amhras", "scaifte"="scata", srl.; féach ar an chomhad gaeilge.mor. Sna leaganacha amach anseo, ba mhaith liom na focail seo a scagadh ina gcanúintí (Connacht, Mumhain, Ulaidh), ach beidh gá le cúnamh ó chainteoirí dúchasacha is dócha).

This work is licensed under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported License.