GaelSpell Unix:
ispell-gaeilge agus aspell-gaeilge

Kevin P. Scannell


Achoimre

Le fáil ar an leathanach seo tá an pacáiste ispell-gaeilge a dheimhníonn an litriú de cháipéisí Gaeilge le cabhair an fheidhmchláir International Ispell. Is ceartaitheoir litrithe inaistrithe agus idirghníomhach é ispell a ghlacann le teangacha eile seachas an Béarla. Soláthraíonn ispell-gaeilge an liosta focal (gaeilge.raw) agus an "comhad foirceann" (gaeilge.aff) atá riachtanach do ispell.

Má tá ríomhaire Windows nó Macintosh agat agus más mian leat cáipéisí i gcruth Microsoft Word a cheartú, féach ar an phríomhláithreán GaelSpell. Rinneadh gach aon leagan de GaelSpell as bunliosta amháin den chéad scoth.


Suiteáil

I dtosach báire, íosluchtaigh agus tiomsaigh ispell, mura bhfuil sé agat cheana. Toisc gur úsáid mé an caighdeán códála ISO-8859-1 sa liosta focal agus sa chomhad foirceann, ní foláir duit do leagan de ispell a thiomsú gan an brat NO8BIT. Is féidir an brat seo a fhiosrú leis an ordú a leanas:

% ispell -vv

Anois, íosluchtaigh an tar-chomhad comhdhlúite, agus bain amach na comhaid:

% gunzip ispell-gaeilge-4.3.tar.gz
% tar xvf ispell-gaeilge-4.3.tar 
% cd ispell-gaeilge-4.3

Makefile pacáilte leis an tar-chomhad. Athraigh an athróg ISPELLDIR (gar do bharr an Makefile) go dtí ainm na comhadlainne ina gcoinníonn tú hais-táblaí ispell (mar shampla, english.hash). Ansin, úsáid:

% make
% make install

Anois nuair a thosaíonn tú ispell, úsáid an brat "-d" do cháipéisí as Gaeilge:

% ispell -dgaeilge foo.txt

é sin nó athraigh an athróg timpeallachta DICTIONARY más mian leat go mbeadh gaeilge.hash mar fhoclóir caighdeánach agat.

Ceadaíonn an brat "-p" duit foclóir pearsanta eile a roghnú. Is féidir leat foclóir pearsanta a chruthú as na chomhaid biobla, daoine, gall giorr, logainm, miotas, agus stair atá dáilte le ispell-gaeilge. Úsáid:

% make personal

Sonraí

I rith 1997-1998, scríobh Alastair McKinstry an clár ispell-ga clár atá cosúil le ispell-gaeilge. Cé go bhfuil mo straitéis féin éagsúil go leor, táim an-bhuíoch de as cúpla dea-smaointe óna chomhad foirceann a d'úsáid mé i mo leagan féin.

Scríobh mé an clár seo i mí Feabhra 2000, mar chuid de mo chúrsa san Innealtóireacht Bhogearraí ag Ollscoil San Laoiseach, d'fhonn na deacrachtaí a bhaineann le hidirnáisiúntú bogearraí a léiriú.

Is é mo bhunstraitéis liosta ceannfhocal le heolas gramadúil iomlán a chruinniú i mbunachar sonraí ar leith. Scríobh mé ríomhchlár beag a tháirgeann go huathoibríoch gach uile fhoirm infhillte de na hainmfhocal, de na briathra, agus de na haidiachtaí. Ansin, gineann an ríomhchlár an bunliosta focal gaeilge.raw. Coinníonn an comhad seo:

Tá an rang deireanach seo ann de bharr rialacha dochta caipitlithe i n-ispell; ó Alastair McKinstry a fuair mé an smaoineamh seo. Soláthraíonn an comhad foirceann (gaeilge.aff) réimniú iomlán gach uile bhriathar rialta chomh maith le séimhithe agus uruithe, más gá.

Is é an toradh hais-tábla beacht (dheimhnigh mé na ceannfhocail i bhfoclóirí priontáilte) agus iomlán (coinníonn sé gach uile fhoirm infhillte de na ceannfhocail). De bharr seo, ní bheidh mé ag meascadh liostaí eile focal (m.sh. na liostaí atá ag A. McKinstry) leis an leagan poiblí, cé gur chóir duit é seo a dhéanamh i do leagan féin más mian leat.

Ar ndóigh, deimhníonn ispell an litriú seachas an ghramadach agus ní bhacann sé leis an gcomhthéacs in aon chor. Mar shampla, glacfaidh sé le "mo máthair" nó "mo cuid Gaeilge".

Thriail mé leagan tosaigh de ispell-gaeilge ar an Pheintiteoch agus ar na ceithre Shoiscéal as Bíobla Maigh Nuad (atá le fáil ar dhlúthcheirnín). Cé is moite d'ainmneacha na ndaoine agus na logainmneacha líonmhara, ghlac sé leis na focail ar fad beagnach (agus d'aimsigh sé cuid mhaith earráidí -- aicinn ar iarraidh a bhformhór). Bhain mé tairbhe mhór as téacsanna as na fhoilseacháin seo freisin: An Teanga Bheo, , Cumasc, agus Foinse.


Canúintí

Ba é an Foclóir Gaeilge-Béarla (Niall Ó Dónaill, eag.) mo phríomhfhoinse, agus dá bharr sin, réitíonn na litrithe leis an Chaighdeán Oifigiúil go hiondúil. Ar an láimh eile, soláthraíonn ispell-gaeilge beagán tacaíochta canúnach ón leagan 1.0 anuas. Chun an leagan canúnach seo a shuiteáil, athraigh an athróg INSTALLATION (gar do bharr an Makefile) ó gaeilge go dtí gaeilgemor, agus ansin úsáid:

% make
% make install
% ispell -dgaeilgemor foo.txt

Glacann an leagan canúnach le gach aon focal a ghlacann an leagan caighdeánach, agus:


Chun Cuidiú

Ós rud é nach bhfuil Gaeilge líofa agam (is Meiriceánach mé déanta na fírinne), tá súil agam go n-inseoidh na Gaeilgeoirí dom faoi fhadhbanna sa chomhad foirceann nó faoi fhoirmeacha aisteacha i gaeilge.raw a thagann ó mo chuid drochGhaeilge (nó ó mo chuid drochríomhaireachta!).

Mar atá ráite thuas, ní bheidh mé ag cur na foclóirí pearsanta atá ag úsáideoirí ispell-gaeilge isteach leis an leagan poiblí. Mar sin féin, b'fhéidir go mbeidh úsáideoirí bríomhara ann ar mhaith leo leaganacha a fheabhsú amach anseo. Seo atá le déanamh acu. Cuir chugam (scannell ag slu ponc edu) téacschomhad le ceannfhocal amháin ar gach líne mar seo a leanas:

fabhalscéal nm1 FP
fág         v1  FP
faghartha   a3  FGB
faí         nf4 FGB
...

Féach an Foclóir Póca, mar shampla, le haghaidh na n-aicmí gramadúla. Ba chóir duit na tagairtí a ghiorrú ar chaoi éigin caighdeánach (anseo, mar shampla, d'úsáid mé "FP"=Foclóir Póca agus "FGB"=Foclóir Gaeilge-Béarla).


Cuiditheoirí


Athruithe


© Cóipcheart/Copyright 2000-2007 Kevin P. Scannell