GaelSpell:
Leathanach Baile
Kevin P. Scannell
Achoimre
Seo é leathanach baile GaelSpell, litreoir cumhachtach don Ghaeilge atá ar fáil saor in aisce ó 2000. Tá níos mó ná 340,000 focal ina bhunachar sonraí faoi láthair, agus focail nua ag dul isteach ann i gcónaí. Cabhraigh linn!
Is féidir GaelSpell a úsáid ar gach cineál ríomhaire: Linux, Mac, Windows. Féach ar an leathanach Íosluchtú chun tuilleadh eolais a fháil agus an leagan is oiriúnaí a íosluchtú.
Is ríomhchlár "foinse oscailte" é GaelSpell, ar fáil faoin cheadúnas GPLv2. Tá an bunchód go léir ar fáil ónár suíomh forbartha ar Github.
Táimid ar Facebook anois freisin: Bí i do leantóir!
Stair agus Sonraí
I rith 1997-1998, scríobh Alastair McKinstry ispell-ga, clár atá cosúil le ispell-gaeilge. Cé go bhfuil mo straitéis féin éagsúil go leor, táim an-bhuíoch de as cúpla dea-smaointe óna chomhad foirceann a d'úsáid mé i mo leagan féin.
Scríobh mé an chéad leagan de GaelSpell i mí Feabhra 2000, mar chuid de mo chúrsa san Innealtóireacht Bhogearraí ag Ollscoil San Laoiseach, chun na deacrachtaí a bhaineann le hidirnáisiúntú bogearraí a léiriú do mo mhic léinn.
Is é mo bhunstraitéis liosta ceannfhocal le heolas gramadúil iomlán a chruinniú i mbunachar sonraí ar leith. Scríobh mé ríomhchlár beag a tháirgeann go huathoibríoch gach uile fhoirm infhillte de na hainmfhocal, de na briathra, agus de na haidiachtaí. Ansin, gineann an ríomhchlár an bunliosta focal a úsáideann an litreoir. Coinníonn an comhad seo:
- na ceannfhocail le brait a léiríonn séimhiú, urú, srl.
- foirmeacha infhillte na n-ainmfhocal agus na n-aidiachtaí
- aimsir láithreach na mbriathra sa chéad phearsa uatha, le brat a léiríonn a réimniú
- aimsir ghnáthchaite na mbriathra sa chéad phearsa uatha, le brat a léiríonn a réimniú
- leaganacha d'fhocail a bhfuil ceannlitir ag a dtús, leis na réamhlitreacha "n", "h", "t", agus urú
Tá an rang deireanach seo ann de bharr rialacha dochta caipitlithe sna litreoirí coitianta; is ó Alastair McKinstry a fuair mé an smaoineamh seo. Ansin, soláthraíonn "comhad foirceann" réimniú iomlán gach uile bhriathar rialta chomh maith le séimhithe agus uruithe, más gá.
Is é an toradh foclóir an-bheacht (dheimhnigh mé na ceannfhocail i bhfoclóirí priontáilte) agus iomlán (coinníonn sé gach uile fhoirm infhillte de na ceannfhocail). De bharr seo, ní bheidh mé ag meascadh liostaí eile focal (m.sh. na liostaí a bhí ag A. McKinstry) leis an leagan poiblí, cé gur chóir duit é seo a dhéanamh i do leagan féin más mian leat.
Ar ndóigh, deimhníonn litreoirí an litriú seachas an ghramadach agus ní bhacann sé leis an gcomhthéacs in aon chor. Mar shampla, glacfaidh sé le "mo máthair" nó "mo cuid Gaeilge". Má tá tú ag iarraidh rud éigin níos cumhachtaí, féach ar mo chlár An Gramadóir.
Thriail mé leagan tosaigh de GhaelSpell ar an Pheintiteoch agus ar na ceithre Shoiscéal as Bíobla Maigh Nuad (atá le fáil ar dhlúthcheirnín). Cé is moite d'ainmneacha na ndaoine agus na logainmneacha líonmhara, ghlac sé leis na focail ar fad beagnach (agus d'aimsigh sé cuid mhaith earráidí -- aicinn ar iarraidh a bhformhór). Bhain mé tairbhe mhór as téacsanna as na fhoilseacháin seo freisin: An Teanga Bheo, Lá, Cumasc, agus Foinse.
Cuiditheoirí
- Alan Horkan (AbiWord)
- Diarmaid Mac Mathúna (GaelSpell)
- Alastair McKinstry (ispell-ga)
- Vincent Morley (An Fáinne Órga)
- Caoimhín Ó Donnaíle
Athruithe
- 14 Meitheamh 2000 -- Leagan 0.1
(13,368 ceannfhocal agus 171,416 focal infhillte)
- 20 Meán Fómhair 2000 -- Leagan 0.2
(14,591 ceannfhocal agus 188,202 focal infhillte) Sonraí
- 22 Feabhra 2001 -- Leagan 1.0
(an leagan caighdeánach: 16,375 ceannfhocal agus 200,068 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 216,264 focal infhillte) Sonraí
- 28 Nollaig 2001 -- Leagan 1.1
(an leagan caighdeánach: 20,986 ceannfhocal agus 241,969 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 259,880 focal infhillte) Sonraí
- 26 Meitheamh 2002 -- Leagan 1.2
(an leagan caighdeánach: 25,638 ceannfhocal agus 282,260 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 301,142 focal infhillte) Sonraí
- 31 Iúil 2002 -- Leagan 2.0
(an leagan caighdeánach: 25,953 ceannfhocal agus 284,287 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 303,244 focal infhillte) Sonraí
- 17 Nollaig 2002 -- Leagan 3.0
(an leagan caighdeánach: 27,428 ceannfhocal agus 288,307 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 290,136 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 308,995 focal infhillte) Sonraí
- 5 Márta 2003 -- Leagan 3.1
(an leagan caighdeánach: 27,829 ceannfhocal agus 292,976 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 294,964 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 325,509 focal infhillte) Sonraí
- 18 Aibreán 2003 -- Leagan 3.2
(an leagan caighdeánach: 27,843 ceannfhocal agus 292,961 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 295,041 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 325,656 focal infhillte) Sonraí
- 10 Iúil 2003 -- Leagan 3.3
(an leagan caighdeánach: 28,360 ceannfhocal agus 298,394 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 300,487 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 332,086 focal infhillte) Sonraí
- 1 Aibreán 2004 -- Leagan 3.4
(an leagan caighdeánach: 28,365 ceannfhocal agus 298,814 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 301,684 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 335,137 focal infhillte) Sonraí
- 18 Iúil 2004 -- Leagan 3.5
(an leagan caighdeánach: 28,764 ceannfhocal agus 302,301 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 305,181 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 352,749 focal infhillte) Sonraí
- 7 Eanáir 2005 -- Leagan 3.6
(an leagan caighdeánach: 29,267 ceannfhocal agus 294,739 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 297,698 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 360,598 focal infhillte) Sonraí
- 18 Iúil 2005 -- Leagan 4.0
(an leagan caighdeánach: 29,577 ceannfhocal agus 293,456 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 296,778 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 358,975 focal infhillte) Sonraí
- 31 Iúil 2006 -- Leagan 4.1
(an leagan caighdeánach: 31,023 ceannfhocal agus 302,992 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 306,762 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 372,094 focal infhillte) Sonraí
- 6 Bealtaine 2007 -- Leagan 4.2
(an leagan caighdeánach: 32,004 ceannfhocal agus 310,789 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 315,044 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 385,595 focal infhillte) Sonraí
- 29 Deireadh Fómhair 2007 -- Leagan 4.3
(an leagan caighdeánach: 32,923 ceannfhocal agus 318,856 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 323,202 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 397,504 focal infhillte) Sonraí
- 4 Lúnasa 2008 -- Leagan 4.4
(an leagan caighdeánach: 33,062 ceannfhocal agus 319,631 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 323,978 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 415,743 focal infhillte) Sonraí
- 26 Iúil 2010 -- Leagan 4.5
(an leagan caighdeánach: 35,317 ceannfhocal agus 335,801 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 341,178 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 474,505 focal infhillte) Sonraí
- 27 Iúil 2011 -- Leagan 4.6
(an leagan caighdeánach: 35,340 ceannfhocal agus 335,994 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 341,379 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 474,823 focal infhillte) Sonraí
- 9 Eanáir 2014 -- Leagan 4.7
(an leagan caighdeánach: 35,376 ceannfhocal agus 336,207 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 341,594 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 473,820 focal infhillte) Sonraí
- 13 Feabhra 2016 -- Leagan 4.8
(an leagan caighdeánach: 36,956 ceannfhocal agus 347,664 focal infhillte)
(an leagan liteartha: 353,941 focal infhillte)
(an leagan canúnach: 491,113 focal infhillte) Sonraí
- Idir lámha -- Leagan 4.9

This work is licensed under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported License.