Aistriúchán Gaeilge GNU/Linux:
Acmhainní

Kevin P. Scannell


Achoimre

Tá mé i mo cheann feadhna ar an fhoireann aistriúcháin Gaeilge faoi scáth an GNU Translation Project. Déanta na fírinne, níl ach cúpla duine eile ar an fhoireann faoi láthair -- seol teachtaireacht chugam más mian leat cabhair a thabhairt dúinn!

Tá liosta ríomhphoist againn freisin, agus cuirfear fáilte roimh baill nua. Chun clárú leis an liosta, lean an nasc seo: http://lists.sourceforge.net/mailman/listinfo/gaeilge-gnulinux agus cuir do sheoladh ríomhphoist agus focal faire isteach san fhoirm.


Le fáil anseo

Scríobh mé alt beag le Séamus Ó Ciardhuáin maidir lenár n-obair ar an tionscadal aistriúcháin. Tig leat an páipéar a léamh (i bhfoirm PDF) anseo.

Is féidir lámhleabhar beag d'aistritheoirí nua (as Béarla) a aimsiú ar an leathanach Cuidiú.

Faraor, ní chuirtear m'aistriúcháin sna pacáistí dáilte oifigiúla gan mhoill agus, dá bhrí sin, tá mé á bpacáistiú anseo i gcomhad ar féidir leat íosluchtú agus suiteáil ar do ríomhaire. Tá sé ar fáil ón Leathanach Íosluchtaithe.

Ar mhaithe le haistritheoirí eile atá ag aistriú bogearraí go Gaeilge, táim ag cothú díolaim de chomhaid "PO" atá tógtha as m'aistriúcháin féin agus na haistriúcháin KDE, Gnome, srl. Tá sé ar fáil ón Leathanach Íosluchtaithe fosta.


Leathanaigh eile


Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported License.