Gaeilge
Bogearraí
Úrnua: Breiseán cuardaigh don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge. Cliceáil anseo chun é a shuiteáil i bhFirefox. Tá Firefox as Gaeilge agat cheana, nach bhfuil?
Seo duit tionscadail a bhaineann leis an nGaeilge. Tá mo bhogearraí go léir ar fáil saor in aisce, le foinse oscailte.
- 2000: GaelSpell. An chéad litreoir Gaeilge.
- 2000: Corpas Gaeilge. Téacsanna bailithe ó leabhair priontáilte agus ón Ghréasán. Níos mó ná 150 milliún focal ann faoi láthair.
- 2003: An Gramadóir. Leagan saor in aisce ar líne anseo. Tá an táirge trádálach Ceart bunaithe ar an mbogearra seo freisin.
- 2003: Fleiscíní. Ríomhchlár a dhéanann fleiscíniú ar théacsanna Gaeilge. Oibríonn sé le hOpenOffice.org mar shampla.
- 2004: CCGB (Corpas Comhthreomhar Gaeilge-Béarla). Bunachar sonraí ina bhfuil 15 milliún focal Béarla, ailínithe le haistriúcháin Ghaeilge.
- 2005: aimsigh.com. Inneall cuardaigh, cosúil le Google, ach a bhí sainoiriúnaithe don Ghaeilge (níl sé ar fáil a thuilleadh, acmhainn nua ina ionad anois).
- 2005: ga2gd. Ríomhchlár a aistríonn ó Ghaeilge na hÉireann go Gaeilge na hAlban. Cuirfear ar fáil go luath é mar chuid den tionscadal Apertium.
- 2007: LSG (Líonra Séimeantach na Gaeilge). Teasáras nó "WordNet" don Ghaeilge. Ar fáil mar chomhad mór PDF.
- 2008: An Caighdeánaitheoir. Ríomhchlár a thiontaíonn téacsanna neamhchaighdeánacha go dtí an Caighdeán Oifigiúil. In úsáid ag an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge agus Foclóir na Nua-Ghaeilge.
- 2009: Síntí Fada Staitistiúla. Ní gá duit síneadh fada a chlóscríobh go deo arís! Bain triail as an mbreiseán Firefox.
- 2010: Foclóir L. S. Gogan. Thug mé comhairle don tionscadal iontach seo.
- 2011: Indigenous Tweets. Suíomh a thaispeánann daoine a úsáideann Twitter i mionteangacha, Gaeilge ina measc.
- 2011: Indigenous Blogs. Suíomh a thaispeánann blaganna i mionteangacha, Gaeilge ina measc.
- 2011: Scrabble3D as Gaeilge. Leagan Gaeilge de chluiche Scrabble is féidir a imirt ar líne.
- 2012: Adaptxt. Tuarthéacs do ghutháin Android.
- 2012: Ríomhphuipeadóireacht. An t-úrscéal mór-le-rá Cré na Cille curtha ar taispeáint ar Twitter. Comhoibriú le Cló Iar-Chonnachta, Rosg, agus Míle Fáilte.
- Idir lámha (2012?): AOC (Aithint Optúil Carachtar - "OCR" i mBéarla) don seanchló.
- Idir lámha: Cúpla rud eile, faoi rún fós... :)
Aistriúcháin
Tá mé i gceannas ar na foirne aistriúcháin a chuireann Gaeilge ar bhogearraí éagsúla. Tá cabhair de dhíth orainn i gcónaí - scríobh chugam má tá suim agat!
- KDE. Do ríomhaire iomlán as Gaeilge - 75% críochnaithe!
- OpenOffice.org. Feidhmchláir oifige, saor in aisce.
- LibreOffice. Léiroidhre ar OpenOffice.org is dócha.
- Mozilla Firefox. Brabhsálaí Gréasáin, as Gaeilge ó 2004.
- Mozilla Thunderbird. Clár ríomhphoist.
- Mozilla Lightning. Féilire ó Mhozilla.
- Sid Meier's Civilization. Leagan saor ("freeciv") den chluiche clasaiceach.
- Skype. Obair le Seanán Ó Coistín. Faigh an t-aistriúchán anseo, agus cuir i bhfeidhm é le Tools » Change language » Load Skype Language File. Windows amháin.
- TuxPaint. Clár péinteála do pháistí.
- Vim. An próiseálaí focal is fearr!
- Suiteálaí Debian. Baintear úsáid as seo sna córais Linux de chuid Debian, Ubuntu, srl.
- Ríomhchláir éagsúla GNU/Linux. Na ríomhchláir is ansa liomsa: grep, sed, srl.
- Trasdul Véineas. Léarscáil a thaispeánann infheictheacht an trasdula ar fud an domhain.
- Pidgin. Clár teachtaireachtaí meandaracha ("IM"), a fheidhmíonn le AIM, Google Talk, Facebook, IRC, srl.
- Forógra Shaoirse Idirlín.
Agus suímh Ghréasáin de chuid Mozilla:
- Breiseáin Firefox. Suíomh leis na mílte breiseán.
- input.mozilla.com. Painéal aiseolais le haghaidh Firefox.
- Gréasán na nIontas. Suíomh a léiríonn cumhacht HTML5, fís Ghréasáin, srl.
- Líonra Forbróirí Mhozilla. Acmhainní le haghaidh forbróirí Gréasáin.
- Tacaíocht Firefox. Cabhair le Firefox agus táirgí eile Mozilla.
- Bí i do ghaiscíoch Gréasáin! Suíomh bolscaireachta.
- Mozilla Persona. Seirbhís aitheantais.
Beathaisnéisín
Is Meiriceánach mé, rugadh i mBostún, Massachusetts ar 11 Bealtaine 1970. Éireannaigh ab ea mo sheantuismitheoirí ar an dá thaobh, agus dá bharr sin bhí cultúr na hÉireann an-tábhachtach i measc mo mhuintire nuair a bhí mé óg (cé nár fhoghlaim mé ach cúpla focal Gaeilge go dtí go raibh mé níos sine).
Rinne mé staidéar ar mhatamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit a mbronnadh BS orm sa bhliain 1991. Tar éis sin fuair mé céim dhochtúireachta ó ollscoil California, Los Angeles (i matamaitic chomh maith).
Is ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht mé in ollscoil Saint Louis, Missouri ó 1998. Roimhe sin, bhí post iardhochtúireachta agam in ollscoil Rice in Houston, Texas ar feadh cúpla bliain.
Cé go raibh mé sáite sa mhatamaitic, bhí suim agam sa Ghaeilge i gcónaí, agus go luath sa bhliain 2000 chinn mé ar iarracht a dhéanamh bunuirlisí ríomhaireachta a fhorbairt don Ghaeilge. Ba chaitheamh aimsire é ag an am sin, ach is post lánaimseartha é anois!
Ní hí an Ghaeilge an teanga amháin a bhfuilim ag obair uirthi - tá acmhainní cosúil leis na cinn thuasluaite á bhforbairt agam ar son mionteangacha ar fud an domhain, go háirithe na teangacha Ceilteacha eile, teangacha Bantúcha san Afraic agus teangacha Polainéiseacha (nascanna ar mo leathanach Béarla). Creidim go láidir gur féidir an-tairbhe a bhaint as an teicneolaíocht agus as an nGréasán le mionteangacha a chosaint agus a chur chun cinn - agus seo é bunús m'oibre go léir.
Tá mé pósta agus tá beirt pháistí agam, Madeleine Cáit (rugadh 1999) agus Caoimhín Beag (rugadh 2001).

This work is licensed under a Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported License.